← Tráth dá raibh bhí sráidbhaile beag ar imeall na coille. 🔊
← Is ansin a bhí cónaí ar chailín beag álainn. 🔊
← Bhí sí ansin lena máthair agus bhíodh sí i gcónaí deas béasach le gach duine. 🔊
← Bhí an-chion ag muintir an bhaile uirthi agus bhíodh sí ag caint leo go minic. 🔊
← Ní raibh aon deireadh leis an ngrá a bhí ag a seanmháthair di. 🔊
← Bhí an cailín beag chomh tógtha leis an gcochall gur ar éigean a bhain sí di é riamh. 🔊
← Bhí cónaí ar a seanmháthair i dteach beag adhmaid sa choill ach ní raibh sí chomh fada sin ón sráidbhaile. 🔊
← Bhí Cochaillín Dearg ag pocléim agus ag cantaireacht léi agus í ag dul isteach sa choill. 🔊
← Bhí sí go deas cineálta leis mar ní raibh a fhios aici go raibh sé dainséarach. 🔊
← Bhí Cochaillín ar a dícheall ag cur na mbláthanna le chéile. 🔊
← Chuaigh sí anonn go dtí an leaba agus bhí a seanmháthair ansin faoin bpluid agus a ceann clúdaithe aici. 🔊
← Bhí an mactíre lán go béal agus é sona sásta leis féin. 🔊
← Ba ghearr gur thosaigh sé ag srannadh agus bhí an gleo a tháinig uaidh chomh hard sin gur chuala fear seilge a bhí ag dul thar bráid é. 🔊
← A luaithe is a bhí sé laistigh den doras chonaic sé an mactíre ina chodladh agus gach aon srann as. 🔊
← Bhí an mactíre ansin fós ag srannadh agus a bholg ar leathadh. 🔊